You can access the distribution details by navigating to My Print Books(POD) > Distribution
Rugadh Caoimhghin Ó Goilidhe i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1913; b’é Seán Ua Góilidhe, [John Golden] Corcaíoch, a athair agus Áine, a mháthair, Áth Cliathach ó dhúchas. Fuair sé a chuid oideachais i Scoil na mBráithre, Sráid Synge, a bhunchéim, a chéim mháistir agus a Ph.D. i gColáiste na hOllscoile. Chaith sé an chuid is mó dá shaol mar mhúinteoir, thíos i Má Chromtha ar dtúis agus i mBaile Átha Cliath níos déanaí. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Mhurchú agus bhí iníon agus triúr mac acu. Ba fhear mór Gaeilge é agus baint aige le bunú an Chomhchaidrimh agus leis na Teaghlaigh Ghaelacha.
Ba fhear é a raibh dúil ana-mhór aige i litríocht na nGael agus eolas domhain aige ina taobh chomh maith. I dtreo go mbeadh daoine eile in ann sochar éigin a bhaint as a chuid eolais ina leith, bhain sé leas as a pheann chun é a roinnt leo go fial. Teagascóir den scoth ab ea é, agus seachas a chuid oibre mar mhúinteoir scríobh sé nótaí i gcomhair scoileanna ar théacsanna éagsúla Gaeilge. B’é Albert Folens a d’fhoilsigh iad, foilsitheoir nach raibh ach tar éis teacht ar an saol; sa bhliain 1974, d’fhoilsigh ‘ Folens agus a Chuid’ An Díolaim Filíochta don Ardteistiméireacht a chuir sé in eagar maille le nótaí gearchúiseacha i leith na ndánta ann.
D’fhonn cur lena chuid eolais ar bhonn níos cuimsithí fós dhein sé taighde ar phrós-saothar na Gaeilge i rith 500 blian; b’in é ábhar an tráchtais i gcomhair an PhD. a ghnóthaigh sé i gColáiste na hOllscoile, Áth Cliath. De thoradh a chuid taighde scríobh sé altanna ar ‘Stílithe na Gaeilge’ a foilsíodh san iris Comhar agus in Inniu, mar atá i gcló sa chnuasach seo. Theastaigh uaidh ábhar spreagúil a sholáthar do lucht léite na Gaeilge, agus ar an ábhar sin scríobh sé an-chuid aistí i gcomhair na hirise Inniu. Chuir siad go mór le réimsí an eolais a bhí ar fáil sa Ghaeilge. Ag uaireanta éagsúla d’fhoilsigh Inniu na sraitheanna ‘Bhíodar seo inár Measc’(1948) – ar chuairteoirí cáiliúla a thug cuairt ar Bhaile Átha Cliath tráth; ‘Cathracha faoi Úir’ (1950) – ar shean-sibhialtachtaí ; ‘Comhaimsirigh’(1951) – agallaimh le daoine a bhí i mbéal an phobail ag an uair, agus lean an tsraith sin go ceann i bhfad.
Deirtear go bhféadtar teacht ar thuiscint i leith mhianaigh duine trí staidéar a dhéanamh ar na leabhair ba ansa leis. Ní fhéadfadh sé sin bheith níos fírinní i gcás Chaoimhghin Ó Góilidhe. Dhein sé a chion leis an nGaeilge a chothú agus a chur chun cinn.
Currently there are no reviews available for this book.
Be the first one to write a review for the book STÍLITHE NA GAEILGE.