You can access the distribution details by navigating to My Print Books(POD) > Distribution

Add a Review

NA SIÚMÉARAIGH

RISTEÁRD MAC ANNRAOI
Type: Print Book
Genre: History
Language: Gaelic (Irish)
Price: ₹147 + shipping
Price: ₹147 + shipping
Dispatched in 5-7 business days.
Shipping Time Extra

Description

Seo an chéad leabhar riamh i nGaeilge ar na Siúméaraigh, pobal a mhair sa Mheaspatáim breis is trí mhíle blian ó shin. Bhíodar ligthe i ndearmad go dtí lár na 19ú haoise nuair a d’éirigh le scoláirí, agus Éireannach ina measc, ciall a dteanga a scaoileadh. Thug saothar na ndaoine léannta seo léas solais dúinn ar a saol, ar a stair agus ar a saíocht; aithníodh go raibh ceangailt idir na Siúméaraigh agus an-chuid nithe a luaitear sa Bhíobla, nithe cosúil leis an tonn tuile mór agus scéal an Pharthais mar shampla.
Tráth dá raibh ann bhí an tSiúméiris ina teanga reiligiúin agus léinn ar fud an Mheán-Oirthir, agus bhain pobail éagsúla leas as a script dhingchruthach chun a saíocht féin a bhuanú. Bhí traidisúin liteartha trí mhíle blian laistiar de theanga na Siúméarach roimh éag di, agus ní beag é sin mar mhaíomh.
Cé go bhfuil na Siúméaraigh faoin bhfód leis na cianta, tá tréithe go léor dá gcuid le haimsiú fós i saol ár linne, gan ach an litríocht is an mhatamaitic a lua. Cuireann eolas futhu lenár dtuiscint orainn féin mar dhaoine daonna. Tá sliocht Ádhaimh faoi chomaoin mhór ag na Siúméaraigh a chruthaigh an chéad ard-sibhialtacht riamh; tá a scéal agus ár scéal fite fuaite ina chéile.

About the Author

Tá Risteárd Mac Annraoi ag iarraidh ábhar a sholáthar a chuirfidh le réimsí an eolais agus na litríochta i dteanga na nGael, trí leabhair a scríobh, a aistriú nó a athfhoilsiú as a stuaim féin. Chítear dó go bhfuil géarghá le ‘armlón aigne’ i nGaeilge agus ‘aithinne aislinge’ a choigilt ar an dóigh sin inti.
B’é Coiscéim a d’fhoilsigh a leabhair Comhluadar na gCarad (2002); Mil as Gach Bláth:Blaiseadh de Litríocht an Domhain(2013); CrithAigne:Smaointe na bhFealsamh(2015), maille le heagráin de na leabhair Bunailt na Saoirse (2015), le Traolach Mac Suibhne agus An Cogadh Mór (2016), leis an Athair Pádraig Ó Duinnín.

Book Details

Number of Pages: 66
Dimensions: 5"x8"
Interior Pages: B&W
Binding: Paperback (Perfect Binding)
Availability: In Stock (Print on Demand)

Ratings & Reviews

NA   SIÚMÉARAIGH

NA SIÚMÉARAIGH

(Not Available)

Review This Book

Write your thoughts about this book.

Currently there are no reviews available for this book.

Be the first one to write a review for the book NA SIÚMÉARAIGH.

Other Books in History

Shop with confidence

Safe and secured checkout, payments powered by Razorpay. Pay with Credit/Debit Cards, Net Banking, Wallets, UPI or via bank account transfer and Cheque/DD. Payment Option FAQs.