You can access the distribution details by navigating to My Print Books(POD) > Distribution
Múinteoir taistil ar feadh fiche bliain ar thuath na Mumhan agus fiche bliain eile ina oide Gaeilge i gCorcaigh. Scoileanna samhraidh dá chuid féin aige i gCorcamrua (1910, 1911) agus i gCiarraí Luachra (1918). Duine de bhunaitheoirí Choláiste Uí Chomhraí i gCorca Baiscinn é. Bhí ar feadh fiche bliain ina mholtóir rince agus amhránaíochta ar fheiseanna sa Mhumhain. Ina rúnaí agus ina thimire ar Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne sa bhliain 1914.
Ba chara le Traolach Mac Suibhne é agus chabhraigh sé mar fhaisnéisí le linn Chogadh na Saoirse. Ina thuairisceoir ar imeachtaí na hÉireann don Irish American agus don Irish World (1912-16). Sealbhóir agus bainisteoir ar An Lóchrann ba ea é (1916-20). Bhí eolas fairsing aige ar phlandaí agus ar chrainnte agus dea-cháil air mar aistritheoir leabhar an údair Albannaigh Niall Mac an Rothaich.
Séard atá sa leabhar seo ná cnuasach dá scríbhinní (1919-22) as an Cork Weekly Examiner, maille le cuntas ar a shaol mar mhúinteoir taistil Gaeilge. Is le caoinchead a mhic Niall Tóibín a fhoilsítear anseo iad.
Currently there are no reviews available for this book.
Be the first one to write a review for the book SCRÍBHINNÍ.